SP25-128 RBO - Cúrsaí folláine agus Riachtanais Bhreise Oideachais
Dáta: 13ú Márta
Am: 6pm-7pm
Seo sraith ceardlann le tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile a bhaineann le teagasc agus foghlaim i suíomh an tumoideachais. Ag gach seisiún, beidh cur i láthair leathuair a chloig ar ábhar éigin agus ansin beidh deis plé a dhéanamh ar an topaic de réir ábhair. Beidh fáilte roimh chách!
Torthaí foghlama:
Éireoidh le rannpháirtithe
- Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
- Acmhainní agus nodanna a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile
- Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar
- Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
- A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach
Cainteoir: Isabel Nic an Fhailí, Coláiste de hÍde

Course Details
| Date & Time | 13-03-2025 6:00 pm |
| Course End Date / Time | 13-03-2025 7:00 pm |
| Cut off date | 13-03-2025 |
| Capacity | 1000 |
| Course Fee | Free |
| Location | Online |