Skip to main content

Search Courses

AUT25-114 Nua na hArdteiste – Clann Li ragus Úirichill an Chreagáin

AUT25-114 Nua na hArdteiste – Clann Li ragus Úirichill an Chreagáin

25TRA633 Litríocht Nua na hArdteiste – Clann Li ragus Úirichill an Chreagáin

Dáta:       Dé Luain, 17ú Samhain 2025
Am:          7 - 8 pm
Suíomh:  Ar líne trí Zoom

Spriocghrúpa: Múinteoirí Gaeilge atá ag múineadh an 5ú bliain i Meán Fómhair 2025 – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Beidh sé an-oiriúnach do mhúinteoirí gan mórán aithne ar na téacsanna go fóill.

Tabharfar léargas ar dhá théacs atá ar an tsonraíocht nua – An dán Úirichill an Chreagáin le hArt Mac Cumhaigh agus an scéal béaloidis Clann Lir. Déanfar anailís ar na teicnící litríochta atá le feiceáil iontu chomh maith le téamaí agus mothúcháin a bheidh oiriúnach agus éasca le plé le ranganna ar leibhéil éagsúla. Molfar ceisteanna scrúduithe agus tascanna breise chun anailís dhomhain a spreagadh.

Beathaisnéis an Láithreora: Vikki Ní Bhréin

vikki ni bhrein

Is múinteoir Gaeilge agus tíreolais í Vikki Ní Bhréin le 15 bliana de thaithí ag múineadh i gcomhthéacsanna leathana. Chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge i Chicopee, MA le Fulbright agus chaith sí seal ag oibriú mar theagascóir i gCOBÁC. Faoi láthair tá sí ag oibriú mar shaineolaí ábhair le Studyclix ar an ardán nua – Irish Boost. Roinneann sí smaointe agus acmhainní ar a leathanach Instagram: @seomra_inine

Course Details

Date & Time 17-11-2025 7:00 pm
Course End Date / Time 17-11-2025 8:00 pm
Cut off date 17-11-2025 7:00 pm
Capacity 1000
Course Fee Free
Location Online

Location Map